Seirbhísí Oideachais

Tá sé mar aidhm ag Ionaid Oideachais na Seirbhíse Páirceanna Náisiúnta agus Fiadhúlra feasacht a mhúscailt ar an domhan nádúrtha agus ar a thábhachtaí atá sé ár mbithéagsúlacht a chaomhnú agus a chosaint.

Cuireann Ionad Cuairteoirí Phortach Chlóirthigh cuairteanna oideachasúla SAOR IN AISCE ar Anaclann Dúlra SPNF Phortach Chlóirthigh ar fáil


Clár Bunscoile

Díríonn lá ag Ionad Cuairteoirí agus Clárchosán Phortach Chlóirthigh ar an iliomad gnéithe d’ábhair Oideachais Eolaíochta Comhshaoil Shóisialta na hEolaíochta, Tíreolaíochta agus Staire do dhaltaí ar bhealach spraíúil, idirghníomhach agus praiticiúil. Is deis iontach é seo freisin do scoileanna atá ag glacadh páirte sna Scoileanna Glasa agus i nGradam Barrfeabhais Discovery Primary Science and Maths. Is Ionad Fionnachtana de chuid Fhondúireacht Eolaíochta Éireann muid agus cuireann muid ceardlanna imscrúdaitheacha ar fáil do dhaltaí bunscoile.

 


Clár Iar-Bhunscoile

Díríonn lá ag Ionad Cuairteoirí agus Clárchosán Phortach Chlóirthigh ar go leor gnéithe den churaclam iar-bhunscoile do scoláirí ar bhealach spraíúil, idirghníomhach agus praiticiúil. Is deis iontach é seo do scoláirí sa tsraith shóisearach agus sa tsraith shinsearach araon machnamh a dhéanamh ar an gcaoi a dtéann an úsáid stairiúil, an úsáid reatha agus an úsáid amach anseo ar na tailte móna i bhfeidhm ar a saol. Ó thaobh na sraithe sóisearaí, is féidir le cuairt an fhoghlaim a threisiú sna hábhair seo a leanas: Tíreolaíocht, E.S.S., Stair, Eolaíocht, Ealaín, Ceardaíocht agus Dearadh, agus O.S.S.P. chomh maith le bheith mar ghné de ghearrchúrsa. Ó thaobh na sraithe sinsearaí, is féidir le cuairt an fhoghlaim a threisiú sna hábhair seo a leanas: Tíreolaíocht, Stair, Ealaín, Bitheolaíocht, agus Eolaíocht Talmhaíochta. Lena chois sin is féidir oibriú le hOifigigh Oideachais chun gearrchúrsa a chur ar fáil do scoláirí na hIdirbhliana.

Chuimseodh gnáthchuairt scoláirí a ullmhú chun staidéar allamuigh a dhéanamh ar an suíomh. Cuirtear an trealamh ar fad ar fáil. Déanfaidh Oifigigh Oideachais an chuairt a shaincheapadh chun gnéithe sonracha den siollabas ábhartha atá á chlúdach ag scoláirí a léiriú agus naisc á ndéanamh acu le réimsí curaclaim eile a bhaineann le hábhar.

Staidéar Allamuigh

Staidéar Allamuigh


_______________________________________________________________________________________________

Clár Tríú Leibhéal

Tá an-taithí agus an-cháilíocht ag Oifigigh Oideachais agus is féidir leo cuairt a chur in oiriúint do mhic léinn tríú leibhéal a bhfuil suim acu i gcaomhnú, éiceolaíocht, fiadhúlra agus an timpeallacht nádúrtha.

Mic Léinn Tríú Leibhéil

Mic Léinn Tríú Leibhéil

____________________________________________________________________________________________________

Fad na Cuairte

Molann muid duit trí uair an chloig ar a laghad a cheadú le haghaidh cuairte. Bíonn sé seo ar siúl de ghnáth ó 10:30 am – 13:30 pm.

_____________________________________________________________________________________________________

Méid na nGrúpaí

Téigh i dteagmháil linn go díreach le haghaidh eolas ar mhéid na ngrúpaí. Is féidir grúpaí níos mó a roinnt ina dhá ghrúpa níos lú. Is í ár dtreoirlíne ná:

Bunscoileanna

Rang a hAon – Rang a Sé – Uasmhéid 15

Iar-bhunscoileanna

1ú Bliain – 6ú Bliain – Uasmhéid 15

Maoirseoirí

Ní mór maoirseoir fásta amháin ar a laghad a bheith ann in aghaidh gach 10 scoláire.

_____________________________________________________________________________________________________

Cén chaoi le hÁirithint a dhéanamh?

Téigh i dteagmháil lenár n-oifigeach áirithintí ar an bhfón: nó trí ríomhphost: claraguides@npws.gov.ie/rebecca.dobson@npws.gov.ie

_____________________________________________________________________________________________________