Próifíl ar Mhaor Caomhantais

Ainm: Colm Malone

Ó 1996 go 1998 d’oibrigh mé ar Phortach Chlóirthigh mar oibrí ginearálta sealadach don tSeirbhís Páirceanna Náisiúnta agus Fiadhúlra. Is éard a bhí i gceist leis an bpost sin go príomha ná roinnt “oibre caomhnaithe ar an talamh” a dhéanamh. Obair fhisiciúil an-chrua a bhí i gceist mar go raibh gá roinnt mílte damba móna a thógáil ar dhraenacha dromchla ar Phortach Chlóirthigh Thoir.

I mí na Samhna 1999 thosaigh mé ag obair mar Mhaor Caomhantais lánaimseartha don tSeirbhís Páirceanna Náisiúnta & Fiadhúlra.

Bíonn na nithe seo a leanas i gceist le dualgais laethúla mar mhaor:

  • Monatóireacht a dhéanamh ar shuíomhanna caomhantais ar nós Phortach Chlóirthigh ar mhaithe le hathrú dearfach agus diúltach. Sampla d’athrú dearfach is ea go bhfuil dromchla an phortaigh tagtha chuige féin agus go bhfuil feabhas tagtha ar an bhfásra ó tógadh na mílte damba ar Phortach Chlóirthigh Thoir. Sampla d’athrú diúltach is ea nuair a tharlaíonn tine. D’fhéadfadh dóiteán ar an bportach a bheith ina chúis le caillteanas gnáthóige agus speiceas agus meastar é sin a bheith mífhabhrach.
  • Na hAchtanna Fiadhúlra a fhorfheidhmiú agus na Treoracha ón AE maidir le hÉin agus Gnáthóga a chur i bhfeidhm

Déanann an Maor Caomhantais suirbhéanna freisin ar an suíomh, ar nós monatóireacht ar fhlóra agus ar fhána neamhchoitianta agus atá i mbaol ar nós an Chrotaigh, an Mheirliúin, an Fhritileáin Réisc agus go leor eile.

Colm Malone

Is féidir teagmháil a dhéanamh le Colm Malone ag na seoltaí seo a leanas:

Teil: 057 9331470

Ríomhphost: colm.malone@npws.gov.ie