Tabhair cuairt ar

Tá Ionad Cuairteoirí Phortach Chlóirthigh dúnta go fóill. Is féidir teacht ar an gclárchosán lúbtha ar Anaclann Dúlra Phortach Chlóirthigh ag am ar bith..

Ionad Cuairteoirí Phortach Chlóirthigh
Clóirtheach
Uíbh Fhailí

R35 T621
Poblacht na hÉireann
Teileafón: +353 57 9368878
Ríomhphost: claraguides@npws.gov.ie

Bíonn an tIonad do Chuairteoirí ar oscailt ar bhonn séasúrach. Tabhair do d’aire le linn an tséasúir go bhfreastalaíonn muid ar ghrúpaí a chuirtear in áirithe agus uaireanta go bhféadfadh an t-ionad do chuairteoirí a bheith dúnta le linn uaireanta oibríochta. Moltar duit do chuairt a chur in áirithe nó glaoch a chur orainn roimh theacht duit. Ag brath ar fhoireann a bheith ar fáil, b’fhéidir go bhféadfaí turas a chur in áirithe ag an deireadh seachtaine agus ar Laethanta Saoire Bainc. Tabhair faoi deara go bhfuil an clárchosán ag Anaclann Dúlra Phortach Chlóirthigh ar oscailt gach lá agus inrochtana ó cheann ceann na bliana.

Uaireanta Oscailte

Am
Dé Luain 10:00 a.m. – 17:00 p.m.
Dé Máirt 10:00 a.m. – 17:00 p.m.
Dé Céadaoin 10:00 a.m. – 17:00 p.m.
Déardaoin 10:00 a.m. – 17:00 p.m.
Dé hAoine 10:00 a.m. – 17:00 p.m.
Dé Sathairn Dúnta
Dé Domhnaigh Dúnta
Laethanta Saoire Bainc Dúnta