Stair an tsuímh

Réamhrá

Is ionann tailte portaigh agus leabhar staire beo. Ceaptar gur cruthaíodh portaigh ardaithe i lár na tíre níos mó ná 10,000 bliain ó shin. Go dtí seo, tá níos mó ná 4,000 suíomh seandálaíochta agus cúpla céad déantán aimsithe laistigh de phortaigh ardaithe na hÉireann. Caomhnaíonn na portaigh chéanna seo taifid fhadtéarmacha d’athrú comhshaoil a thugann léargas ar leith ar fhásra agus ar stair aeráide an oileáin seo. Insíonn Portach Chlóirthigh scéal faoin talamh a mhúnlaigh a mhuintir agus na daoine a mhúnlaigh an talamh. Tá a fhios againn go raibh cónaí ar phobail fiagaí cnuasaitheoirí in aice le Clóirtheach sa tréimhse 6500 -7000 RC. Ag Clóirtheach, feictear an chéad fhianaise de ghlanadh foraoise thart ar 2300 RC. Is é an scéal as sin amach ná leathnú leanúnach na talmhaíochta.

Seandálaíocht

I measc na bhfionnachtana seandálaíochta i bportaigh ardaithe in Éirinn tá ‘Corpáin Portaigh’. Ceaptar gur íospartaigh na hiarsmaí daonna seo ón Iarannaois (500 RC – 500 AD) a ndearnadh íobairt daonna orthu mar go bhfuarthas iad taobh le teorainneacha treibheanna ársa. Tá os cionn 100 corp aimsithe ar fud an domhain. Tá an ceann is sine os cionn 2000 bliain d’aois – seans gurb é Seanfhear Chruacháin a aimsíodh 12 mhíle ó Chlóirtheach an corpán portaigh is cáiliúla in Éirinn, b’fhéidir. Fuarthas im portaigh, a bhíonn dúnta i soitheach adhmaid nó i gciseán caoladóireachta de ghnáth, inár bportaigh freisin.

An úsáid a bhaintear as móin

In Éirinn tá úsáid bainte as móin le haghaidh breosla le fada an lá agus í gearrtha de láimh go dtí lár an 20ú haois ag baint úsáide as uirlisí traidisiúnta. Ba ghníomhaíocht an-sóisialta baint agus gróigeadh na móna agus tá sé sin léirithe freisin sna hamhráin, sna scéalta agus sna dánta a aithrisíodh thart ar an tine thíriúil mhóna. Ba cheantair thábhachtacha na portaigh chun caora a phiocadh agus le haghaidh seilge, agus thacaigh na himill leis an talmhaíocht. Tá an ghnáthóg ag brath go hiomlán ar mhata beo de Chaonach Móna arb é an planda ceannasach é i mbogaigh ar nós Phortach Chlóirthigh. Baineadh úsáid as Caonach Móna triomaithe mar leaba do dhaoine agus d’ainmhithe araon. D’úsáid na pobail dhúchasacha ó thuaidh é freisin mar chlúidín nádúrtha. Mar gheall ar na hairíonna luachmhara antaiseipteacha agus an ionsúiteacht iontach atá ann, úsáideadh é i mbindealáin sa Chéad Chogadh Domhanda. Éilíonn daoine áirithe gur leigheas é ar fhadharcáin!

Sa 17ú haois bhí móin ina foinse thábhachtach breosla. Bhaineadh teaghlaigh móin dóibh féin. Bhí an mhóin ina foinse mhór breosla. Faoin mbliain 1750 bhí beagnach gach coill áitiúil i gClóirtheach saothraithe freisin, agus níos mó agus níos mó tógadh na portaigh ar ais le haghaidh feirmeoireachta. Sa bhliain 1810, nuair a shroich Portach Chlóirthigh a uasmhéid, ní raibh mórán lonnaíochtaí thart ar Phortach Chlóirthigh. Mar sin féin, d’fhág tógáil bóithre trasna agus ar fud an cheantair go raibh sé níos éasca dul isteach ar an bportach chun é a shaothrú. Ag tús an 20ú hAois bhí roinnt daoine fós ina gcónaí i dteachíní ceann tuí thart ar an bportach agus bhí go leor acu ag brath ar mhóin a dhíol go háitiúil le haghaidh maireachtála.

Fuinneamh agus Breosla

Tugadh baint mheicniúil isteach go hÉirinn i lár an 20ú hAois, rud a d’athraigh go deo an méid móna a baineadh. Mar thoradh ar fhorbairt thionscal na móna in Éirinn rinneadh dúshaothrú ar chuid mhór dár bportaigh ardaithe ar fud lár na tíre chun móin a bhaint. Bunaíodh an Bord Forbartha Móna sa bhliain 1934. Le linn ‘Éigeandáil‘ an Dara Cogadh Domhanda tógadh an-chuid móna ó lár na tíre agus seoladh chuig Páirc an Fhionnuisce í agus ganntanas ollmhór breosla i mBaile Átha Cliath. I mblianta tosaigh Stát Phoblacht na hÉireann rinneadh íobairt ar go leor dár ngnáthóga portaigh ardaithe le haghaidh breosla saor i bhfoirm móna. Bhunaigh an rialtas Bord na Móna tar éis an Dara Cogadh Domhanda chun móin a bhaint go meicniúil. Tosaíodh ar mhóin a úsáid chun leictreachas a ghiniúint dár ndaonra a bhí ag dul i méid. Sa lá atá inniu ann tá dhá stáisiún cumhachta dóite móna fágtha – Stáisiún Cumhachta Loch Rí agus Stáisiún Cumhachta Uíbh Fhailí Thiar. Úsáideann an chuid eile de na stáisiúin chumhachta: ola, gás, hidreafhuinneamh, agus gaoth.

Meastar gur scriosadh leath de phortaigh ardaithe na hÉireann idir 1814–1946. Meastar gur cailleadh 85% dár dtailte portaigh. Tá tuairim is 50% de na córais phortaigh ardaithe aigéanacha slán le fáil anseo in Éirinn. Ach an oiread le cuid mhaith de na portaigh ardaithe in Éirinn, tá cuid de Phortach Chlóirthigh caillte. Níl fágtha anois ach cuid den phortach láir i gClóirtheach agus blúire den phortach thoir agus níos mó ná leath den bhunphortach bainte le trí chéad bliain anuas. Mar thoradh ar laghdú ar ár dtailte portaigh tá plandaí agus ainmhithe a bhaineann lenár bportaigh caillte. Mar gheall ar dhíghrádú Phortach Chlóirthigh tá speicis ar nós an Ghé Bhánéadanach Ghraonlannach, nach gcaitheann an geimhreadh anseo níos mó, imithe. In ainneoin gur cailleadh an ghnáthóg, is é Clóirtheach an portach ardaithe is mó atá fágtha in Éirinn soir ó Abhainn na Sionainne.

Caomhnú

I 1983 cheannaigh Bord na Móna píosa 440 heicteár den suíomh agus é ar intinn aige é a fhorbairt le haghaidh táirgeadh móna. Cuireadh tús leis an bpróiseas chun draenacha a chur isteach, próiseas a tharraing agóidí poiblí. Cuireadh stop le tuilleadh draenála agus cheannaigh caomhnú reachtúil an dúlra, an tseirbhís Páirceanna Náisiúnta agus Fiadhúlra anois, an portach i 1986 agus fógraíodh ina Anaclann Náisiúnta Dúlra é i 1987. Tá tionscadail taighde ar scála mór ar bun ag institiúidí taighde Éireannacha agus Ollannacha ó 1989 i leith. Foilsíodh na torthaí in 2002 agus áirítear orthu staidéir ar na himscrúduithe geolaíocha, hidreolaíocha agus éiceolaíocha. Mar thoradh air sin, is dócha gurb é Portach Chlóirthigh an portach dá chineál is mó a bhfuil taighde déanta air ar domhan.

Cuireadh tús le hobair athchóirithe nuair a cuireadh thart ar 6000 damba beag móna isteach sna draenacha. Rinneadh é seo ar dtús de láimh agus ansin le meaisín idir 1993 –1996. Faoin Treoir maidir le Gnáthóga ón Aontas Eorpach 1992, ceanglaítear ar an Stát speicis agus gnáthóga nádúrtha éagsúla a chosaint, lena n-áirítear portach ardaithe gníomhach, a bhfuil tábhacht idirnáisiúnta ag baint leo, trí limistéir a ainmniú mar Limistéir faoi Chaomhnú Speisialta (LCSanna). Tá cosaint ag portach Chlóirthigh faoi roinnt ainmníochtaí náisiúnta agus idirnáisiúnta lena n-áirítear Anaclann Náisiúnta Dúlra, Limistéar faoi Chaomhnú Speisialta, Limistéar Oidhreachta Nádúrtha agus Láithreán Bogaigh Ramsar. Cé go bhfuil deireadh tagtha le baint thionsclaíoch mhóna ag Portach Chlóirthigh, leanadh ar aghaidh le baint mhóna le haghaidh úsáid baile go dtí le gairid. Sa lá atá inniu leanann staidéir phróifíle ar éiceachórais phortaigh ardaithe ar aghaidh ag Portach Chlóirthigh. Osclaíodh ionad léirmhínithe do Phortach Chlóirthigh sa bhaile ar Bhóthar Bhéal Átha Chomair in 2010. Chomh maith leis sin, tógadh clárchosán lúbtha adhmaid 1km taobh le bóthar Chlóirthigh–Raithin in 2012 agus cuireadh cláir eolais suas feadh an chlárchosáin ar mhaithe le cuairteoirí a mhealladh chuig an suíomh chun críocha áineasa agus oideachais.