Caomhnú Tailte Portaigh

Meastar go bhfuil tailte portaigh ar cheann de na héiceachórais is tábhachtaí ar domhan. Tá sé seo amhlaidh mar gheall ar a bpríomhluach don bhithéagsúlacht, an ról atá acu i gceapadh carbóin – rud a chinntíonn rialáil ár n-aeráide, scagachán agus soláthar uisce, agus tacaíocht thábhachtach do leas an duine. Aithnítear anois gur gá na gnáthóga seo a chaomhnú agus a chosaint do na glúine atá le teacht. Tá roinnt bealaí ann ina bhfuil an cineál seo gnáthóige á cosaint, ní hamháin in Éirinn, ach ar fud na hEorpa.

Le tabhairt isteach na Treorach maidir le hÉin agus na Treorach maidir le Gnáthóga, tháinig an oibleagáid chun líonra láithreáin Natura 2000 a bhunú. Aithníodh go raibh an tábhacht bhithéagsúlachta is airde ag na suíomhanna seo do ghnáthóga agus speicis atá neamhchoitianta agus faoi bhagairt ar fud an Aontais Eorpaigh. Is é atá i líonra láithreáin Natura 2000 in Éirinn ná suíomhanna atá faoi chosaint faoin Treoir maidir le hÉin mar Limistéir faoi Chosaint Speisialta (SPAnna) agus suíomhanna atá faoi chosaint faoin Treoir maidir le Gnáthóga mar Limistéir faoi Chaomhnú Speisialta (SACanna). Limistéar faoi Chaomhnú Speisialta is ea Portach Chlóirthigh. Roghnaítear Limistéir faoi Chaomhnú Speisialta chun gnáthóga agus speicis atá neamhchoitianta agus faoi bhagairt ar scála Eorpach a chosaint. Tá cuid mhaith de phortach ardaithe gníomhach an domhain atá fágtha le fáil in Éirinn.

Tulóga agus Locháin ag Portach Chlóirthigh

Sainmhíníonn Kelly agus Schouten (2002) portaigh ardaithe gníomhacha le meánleibhéil uisce gar do dhromchla an phortaigh nó os a chionn don chuid is mó den bhliain. Níor chóir go rachadh luaineachtaí séasúracha os cionn 20cm, agus ba chóir go mbeadh leibhéal an uisce laistigh de 10cm ón dromchla, ach amháin ar feadh tréimhsí an-ghairid ama.

Tá portaigh na hÉireann ar na portaigh is tábhachtaí ó thaobh na héiceolaíochta de ar fud Bhallstáit an Aontais Eorpaigh. Tá a bratphortaigh agus a portaigh ardaithe ina ngnáthóga nádúrtha a bhfuil an-tábhacht leo agus tá éiceachórais uathúla ina bhfuil flóra agus fána neamhchoitianta ann. Is gnáthóga cosanta iad portaigh ardaithe agus bratphortaigh faoi Dhlí na hEorpa agus na hÉireann agus tá samplaí ionadaíocha ainmnithe mar Limistéir faoi Chaomhnú Speisialta (LCSanna) faoi Threoir an AE maidir le Gnáthóga nó Limistéir Oidhreachta Nádúrtha (LONanna) faoi na hAchtanna um Fhiadhúlra.

Idir 1997 agus 2002, d’ainmnigh Éire 53 láithreán portaigh ardaithe san iomlán lena n-ainmniú mar Limistéir faoi Chaomhnú Speisialta faoin Treoir maidir le Gnáthóga. Go stairiúil, tá úsáid bainte as tailte portaigh na hÉireann chun críocha éagsúla. Tharla an chuid is mó den damáiste ar ár dtailte portaigh mar gheall ar bhaint mhóna – de láimh agus go meicniúil, trí dhraenáil don talmhaíocht agus trí fhoraoisiú. Go deimhin, is féidir tábhacht shóisialta agus eacnamaíoch a bheith ag baint leo seo, ach is iad na gníomhartha seo na príomhchúiseanna a bhaineann le meath na dtailte portaigh atá feicthe le blianta beaga anuas. Tá baol mór ann go rachaidh na gnáthóga seo i léig. Tá sé práinneach na bearta cosanta riachtanacha a chur ar fáil. Cuirfidh an Staidéar Bonn Eolaíochta do Chaomhnú Portaigh Ardaithe in Éirinn ionchur ar fáil i bhforbairt an Phlean Náisiúnta Bainistíochta do Limistéar faoi Chaomhnú Speisialta na bPortach Ardaithe agus pleananna athchóirithe suíomhoiriúnaithe. Táthar ag tuar go ndéanfar cur síos sna pleananna ar an mbealach a ndéanfar bainistiú ar 53 Limistéar faoi Chaomhnú Speisialta na bportach ardaithe. Déanfar é seo trí chomhairliúchán iomlán le páirtithe leasmhara, lena n-áirítear úinéirí agus úsáideoirí portaigh agus úinéirí talún mórthimpeall.

Ceardlann do Mhaoir Chaomhantais

Chomh maith leis an 53 portach ardaithe atá ainmnithe mar Limistéir faoi Chaomhnú Speisialta, tá portaigh ardaithe eile faoi chosaint ag an Acht um Fhiadhúlra (Leasú) faoi dhlí na hÉireann agus tá siad ainmnithe mar Limistéir Oidhreachta Náisiúnta (LONanna). Idir 2003 agus 2005, ainmníodh 75 portach ardaithe, atá lonnaithe den chuid is mó i lár na tíre, mar LONanna. Ciallaíonn sé seo go dtugtar cosaint do na portaigh seo chomh maith mar gheall go rialaítear iad faoin Treoir maidir le Measúnacht Tionchair Timpeallachta. As an mbreis agus 1500 portach ardaithe sa Stát, tá 128 ainmnithe mar LCSanna nó LONanna ar mhaithe le cosaint an dúlra. Díreoidh príomhfhócas an Phlean Náisiúnta Bainistíochta do Limistéar faoi Chaomhnú Speisialta na bPortach Ardaithe ar shuíomhanna atá mar chuid de líonra Natura 2000. Aithnítear go bhfuil portaigh ardaithe LON ábhartha mar go bhféadfadh siad gnáthóg chúitimh a chur ar fáil chun cúiteamh a dhéanamh ar na limistéir phortaigh ardaithe LCS atá caillte ó ainmníodh iad. Tá thart ar 85% de limistéar thailte portaigh na hÉireann caillte mar gheall ar ghníomhaíochtaí cosúil le: baint mhóna, foraoisiú, agus míntíriú don talmhaíocht. Meastar go bhfuil 50% de na córais phortaigh ardaithe aigéanacha atá fágtha san Eoraip in Éirinn. Tá sé beartaithe 3,600 heicteár, de LCSanna agus LONanna na bportach ardaithe a chosaint agus a athchóiriú.

Loch Mhic Sheanlaoich

Is i Lár na Tíre is mó a bhíonn portaigh ardaithe. I measc thailte portaigh móra na hÉireann, seasann Portach Chlóirthigh amach mar shampla uathúil dá chineál, atá ríthábhachtach dár dtuiscint ar an gcaoi ar fhorbair na córais chasta seo leis na céadta bliain. Ó tharla gurb é an portach is mó a bhfuil staidéar déanta air san Eoraip, tá go leor eolais againn anois faoi éiceolaíocht na hanaclainne dúlra náisiúnta seo. Agus fós ní thuigtear go hiomlán bunús a ghné is uathúla, nach bhfuil le fáil ach ar 3 phortach ardaithe sa tír. Is iad sin na ‘maothchórais’ nó na locháin uisce oscailte, lena gceimic sainiúil uisce, draenáil, agus éiceolaíocht – níl aon amhras nach bhfuil na samplaí is fearr díobh seo i gClóirtheach. (Mar sin féin, is beag nach bhfuil na locháin oscailte ag an Loch Rua imithe ar fad anois, is dócha de bharr draenáil a rinneadh san am atá caite.) Cé go bhfuil an chuid eile den phortach gann ar mhianraí, tá na locháin seo sách saibhir, agus rochtain acu ar uisce talún, b’fhéidir trí thurnamh, agus iad ag tacú le plandaí tipiciúla ar nós an chíbligh agus an bháchráin.

Mar gheall ar a mhéid, agus in ainneoin baint móna agus draenáil san am atá caite, tá éagsúlacht neamhghnách de ghnáthóga agus speicis i bPortach Chlóirthigh, lena n-áirítear roinnt inveirteabrach neamhchoitianta agus caonach amháin nach bhfuil le fáil in aon áit eile in Éirinn. Tá trí limistéar de choillearnach phortaigh atá gann, agus a thacaíonn le crainn Beithe agus le crainn Péine scaipthe. Seachas na gnáthainmhithe agus na gnáthéin a bhíonn ar phortaigh – an Frog Coiteann, an tEarc Luachra, agus an Naoscach – póraíonn an Meirliún atá sách neamhchoitianta anseo, agus tá Féileacáin ar nós an Fhraocháin Mhóir agus na Péacóige coitianta. Lena stair de dhiantaighde, leanann Portach Chlóirthigh de bheith ina hacmhainn eolaíochta sárthábhachtach.

Beidh plean bainistíochta a bhaineann go sonrach leis an suíomh ag láithreáin ar LCSanna iad, cosúil le Portach Chlóirthigh, chun aghaidh a thabhairt ar a riachtanais ar mhaithe le cosaint agus athchóiriú. De ghnáth aithnítear na bearta féideartha chun cuspóirí caomhnaithe a bhaint amach in dhá chatagóir:

Ceardlann do Mhaoir Chaomhantais

(i) Bearta coisctheacha i gcoinne caillteanas gnáthóige lena n-áirítear stop a chur leis na gníomhaíochtaí seo a leanas:

  • Draenáil ghnáthóg phortaigh ardaithe nó gnáthóga bogaigh máguaird;
  • Baint agus tógáil mhóna;
  • Cur foraoiseacha tráchtála;
  • Dó; agus
  • Gníomhaíochtaí eile daonna a dhéanann dochar amhail astarraingt uisce ó screamhuisce agus cairéalú ar féidir leis tionchar diúltach suntasach a imirt ar an hidreolaíocht.

(ii) Bearta eagraithe (idirghabháil ghníomhach) lena n-áirítear:

  • Blocáil draenacha ar phortach ard;
  • Blocáil draenacha in áiteanna imeallacha;
  • Plandálacha foraoise a bhaint;
  • Dambaí imill;
  • Bundú ar phortaigh arda; agus
  • Tochailt/athphróifíliú ar ardphortaigh agus ar phortach réitithe

Cuimseoidh Plean Náisiúnta Bainistíochta Limistéar faoi Chaomhnú Speisialta Phortaigh Ardaithe do Phortach Chlóirthigh an ceantar ar fad atá ainmnithe mar LCS. Faoi láthair tá 460 heicteár faoi úinéireacht an stáit, ach tá an LCS ar fad 837 heicteár. Tá an chuid eile faoi úinéireacht phríobháideach agus tá sé faoi úinéireacht roinnt páirtithe leasmhara éagsúla. Tá roinnt roghanna athchóirithe ar fáil do phortaigh ardaithe agus gnáthóga gaolmhara ag LCS Phortach Chlóirthigh. Tá sé beartaithe plean athchóirithe a fhorbairt i gcomhar le páirtithe leasmhara áitiúla. Tá Portach Chlóirthigh ar cheann den iliomad clár athchóirithe ar thalamh portaigh atá á moladh. Tá roinnt beart ar siúl i gcónaí chun portaigh ardaithe gníomhacha a athbhunú, agus is é an fócas atá acu ná éifeachtaí bainte móna agus triomú a aisiompú. Chomh maith leis na tionscadail atá idir lámha ag an Roinn Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta (Portach Chlóirthigh, Portach Choillidh Chonnaidh, an Mongán agus Portach an Ráithín Mhóir), tá roinnt suíomhanna portaigh ardaithe eile á n-athchóiriú, lena mbaineann comhpháirtíochtaí idir comhlachtaí Stáit, grúpaí caomhantais agus grúpaí pobail áitiúla.