In Ionad Cuairteoirí Phortach Chlóirthigh cuireann muid siúlóidí, cainteanna, ceardlanna agus gníomhaíochtaí oideachais eile ar fáil do dhaoine fásta agus do leanaí. Féach ar ár rannán ar Sheirbhísí Oideachais nó féach ar ár ‘bPostálacha‘ le haghaidh tuilleadh eolais. Ó tharla go n-athraíonn na hamanna oscailte molann muid duit teagmháil a dhéanamh linn roimh chuairt a thabhairt orainn. Tá an clárchosán ag Anaclann Dúlra Phortach Chlóirthigh oscailte agus inrochtana ar feadh an lae ó cheann ceann na bliana agus tá sé 1.5 km ón ionad do chuairteoirí.
Tá muid suite díreach 10 nóiméad amach ó Bhealach Amach 6 ar mhótarbhealach an M6. Níl muid ach 10 nóiméad ó Chill Bheagáin, ón Tulach Mhór agus ó Bhaile Átha Luain. Tá carrchlós saor in aisce ag an Ionad, agus tá páirceáil do bhusanna ar fáil ach í a iarraidh. Tabhair faoi deara go ndúnann an carrchlós ag an ionad ag 5pm Luan – Aoine.
Níl muid ach beagán faoi bhun 5 nóiméad siúil ó Stáisiún Traenach Chlóirthigh. Is féidir le cuairteoirí Anaclann Dúlra agus Clárchosán Phortach Chlóirthigh a bhaint amach trí shiúl nó i gcarr. Tá sé suite 1.5 km ón ionad do chuairteoirí ar Bhóthar Chlóirthigh–Raithin. Tá bánna páirceála agus raca rothar ar fáil ag an gClárchosán. Chun eolas a fháil ar Chlóirtheach féach ar www.claraoffaly.ie.
Teil: 057 9368878
Ríomhphost: claraguides@npws.gov.ie
Seoladh: Ionad Cuairteoirí Phortach Chlóirthigh, Bóthar Bhéal Átha Chomair, Clóirtheach, Co. Uíbh Fhailí – R35 T621
Domhanleithead: 53.341923 Domhanfhad: -7.617452
THUAIDH – 53 20 30.932 THIAR – 7 37 12.827
Tá Ionad Cuairteoirí Phortach Chlóirthigh oscailte ar bhonn séasúrach agus beidh sé ar oscailt ó mhí na Bealtaine go dtí an 30 Samhain 2017. Tabhair do d’aire go bhfreastalaíonn muid ar ghrúpaí a chuirtear in áirithe agus uaireanta go bhféadfadh an t-ionad do chuairteoirí a bheith dúnta le linn uaireanta oibríochta. Moltar duit do chuairt a chur in áirithe nó glaoch a chur orainn roimh theacht duit. Ag brath ar fhoireann a bheith ar fáil, b’fhéidir go bhféadfaí turas a chur in áirithe ag an deireadh seachtaine agus ar Laethanta Saoire Bainc. Tabhair faoi deara go bhfuil an clárchosán ag Anaclann Dúlra Phortach Chlóirthigh ar oscailt gach lá agus inrochtana ó cheann ceann na bliana.
Uaireanta Oscailte
Dé Luain: 10:00 a.m. – 17:00 p.m.
Dé Máirt: 10:00 a.m. – 17:00 p.m.
Dé Céadaoin: 10:00 a.m. – 17:00 p.m.
Déardaoin: 10:00 a.m. – 17:00 p.m.
Dé hAoine: 10:00 a.m. – 17:00 p.m.
Dé Sathairn: Closed
Dé Domhnaigh: Closed
Laethanta Saoire Bainc Dúnta