Tabhair cuairt ar

Bain an leas is fearr as do chuairt ar an Anaclann Dúlra agus seas ag Ionad Cuairteoirí Phortach Chlóirthigh, atá lonnaithe i mbaile Chlóirthigh.

Ar an traein:  Tá an tIonad Cuairteoirí 5 nóiméad siúil ó stáisiún traenach Chlóirthigh.  Féach ar irishrail.ie chun amchláir cothrom le dáta a fháil.

Ar an mbus: Tá amchlár bhus 840 Beannchar go Tulach Mhór le fáil anseo. here.

Sa charr: Níl muid ach 10 nóiméad ó Bhealach Amach 6 ar mhótarbhealach an M6. Níl muid ach 10 nóiméad freisin as Cill Bheagáin, Tulach Mhór agus Baile Átha Luain. Is féidir páirceáil saor in aisce ag an Ionad Cuairteoirí, agus tá páirceáil do bhusanna ar fáil ach í a iarraidh. Tabhair ar aird go ndúnann carrchlós an ionaid ag 5pm ó Luan go hAoine.

Tá Anaclann Dúlra agus Clárchosán Phortach Chlóirthigh 1.5 km ón Ionad Cuairteoirí, ar Bhóthar Chlóirthigh – Raithin. Is féidir an bealach a dhéanamh chuig an Anaclann Dúlra i gcarr nó de shiúl na gcos ón Ionad Cuairteoirí. Tá páirceáil theoranta ar fáil ag príomhbhealach isteach an chlárchosáin.

Bíonn an clárchosán agus na cosáin in Anaclann Dúlra Phortach Chlóirthigh oscailte i gcónaí don phobal, mura luaitear a mhalairt. Féach amanna oscailte Ionad Cuairteoirí Phortach Chlóirthigh thíos. Tá saorchead isteach san Ionad Cuairteoirí agus san Anaclann Dúlra. Iarraimid ar ghrúpaí a n-áiteanna a chur in áirithe roimh ré. Tá cuairteanna oideachais ar fáil do ghrúpaí scoile agus do ghrúpaí sainleasa.  Chun áirithintí agus fiosruithe a dhéanamh, seol ríomhphost chuig claraguides@npws.gov.ie

Uaireanta Oscailte an Ionaid Cuairteoirí:


Dé Luain
Dé Máirt
Dé Céadaoin
Déardaoin
Dé hAoine
Dé Sathairn
Dé Domhnaigh
Lá Saoire Bainc


10:00 – 17:00
10:00 – 13:00, 14:00 – 17:00 
10:00 – 17:00
10:00 – 13:00, 14:00 – 17:00
10:00 – 17:00
Dúnta
Dúnta
Dúnta


R35 T621
Poblacht na hÉireann
Teileafón: +353 57 9368878
Ríomhphost: claraguides@npws.gov.ie